Ceannráiteas MEON

Is iris shoch-chomhshaoil nua í MEON le haghaidh ógra na hÉireann. Tá muid ag iarraidh athshamhlú agus solas a chaitheamh ar an gcaidreamh idir an dúlra, an cine daonna, agus an teicneolaíocht. Ba mhaith linn deireadh a chur le glóiriú an Chaipitil, agus cultúr nua Gaelach a chothú, a bheas dílis don Mhaith, don Fhírinne, agus don Áilleacht.

Glacfar leis go dteipfidh ar an gCaipitleachas go luath nó go mall. Caithfimid tuiscint gur bréag an tsamhail gheilleagrach a gheallann fás gan teorainn ar domhan teoranta. Mura gcuirtear ina choinne, díghrádóidh an modh de shaint airgid seo an dúlra agus an cine daonna a bhfuil ann. Beidh toradh an díghrádú seo cliseadh polaitiúil, sóisialta, agus éiceolaíoch.

Tá beart ó shamhlaíocht mhuiníneach agus cruthú feasacht pholaitiúil nua de dhíth chun an cliseadh a sheachaint agus a shárú. Ina theannta sin, is iad seo na ceisteanna: Cén dóigh a dtitfidh an Caipitleachas as a chéile, agus cén córas a bheidh ina áit?

Tá muid ag iarraidh tuiscint lárnach ar Éirinn a chothú san iarracht seo. Tuiscint ar a daoine, a fearann, agus a cultúr; a háit san Eorap, san Iarthiar, agus sa domhan. Iarracht meon áirithe a chruthú a bheas ar eolas faoina thús agus a dheireadh, faoina thimpeallacht ina bheidh agus ina chuirfear. Tá muid ag tnúth gach beart a dhéanamh le consias comhlárnach ardaitheach le haghaidh ar an aonaracht, teaghlach, pobal, náisiún, cine, speiceas, agus neach.

Is é namhad an mheoin seo ná an mhian tháir gan smaoineadh faoi choinne Caipitil; an tuirlingt chun ábhair amháin. Is cineál creidimh é an Caipitleachas atá go hiomlán dílis don ábharthacht agus don cholainn. Is ellén trechent stairiúil agus eiriciúil é an creideamh seo. Thiocfadh an ainmhian, craos, agus spadántacht a chuir ar a chinn. 

Níl sa ragús thuas ach drochthreo an Chaipitleachais chun a sheilbh domhanda a leathnú. Is iad a bhréagriocht, agus is aidhm leo an Caipitleachas a fhorbairt a thuilleadh. Faoi eitic bhréagach an Chaipitleachais tá an tsaint maith, tá an gháirsiúlacht ar díol, agus tá an ríúlacht ag an tomhaltóir. Cuireann an eitic seo draíocht as an domhan, baineann gach rud as a chéile go soiniciúil go dtí nach bhfuil ann ach fásach malartaithe gheilleagraigh. Ar an mbealach sin, tá cogadh idé-eolaíoch ar bun ag an gCaipitleachas, cogadh cainníochta i gcoinne na cáilíochta, praghas in uachtar ar an luach, agus an réasún in uachtar ar an gcreideamh.

Sa mhéid go bhfuil an Caipitleachas ag baint tá dearcadh comhroinnte, idir follasach nó intuigthe, go bhfuil muid ag deireadh na gcúrsaí stairiúla, ar dóigh éigin. Is féidir, de dheasca teacht airm adamhacha agus an cogadh ardteicneolaíochta, drochthoradh léirscriosach titim amach. Níl cogadh traidisiúnta idir shárchumhachtaí mílteata coinsiasach níos mó. Caithfidh go bhfuil easaontas foréigneach in eadán an chórais Caipitlíche bainistithe agus uasaithe go cumasach ar ais isteach sa chóras ceannann céanna.

Flaitheas is ea an Caipitleachas a bhfuil gach náisiún ar cruinne faoina smacht, atá le chéile mar gheall ar neamh-chomhfhios coiteann de theileachumarsáid. Tá éagsúlacht na gcomhthéacsanna cultúrtha suntasacha ag dul i léig. Bhí na comhthéacsanna seo éagsúil am den tsaol, ach anois táthar comhtháite agus cloíte chun mian ollmhargadh amháin a chomhlíonadh. Toradh sin ná lárú millteanach de mhaoin, agus tionchar faoi smacht chumhacht dhomanda gan aghaidh gan ainm.

Tá an geimhreadh ag teannadh ar an Domhan Thiar mar shibhialtacht. Leantar ar aghaidh leis an meath fisiciúil morálta agus ealaíonta. Cailltear a chreideamh agus a ghrá do Dhia. Níl a chathracha domhanda ach ina mbealaigh faoi choinne cultúr tráchtála uilíoch. Níl todhchaí ag an aos óg mar gheall ar an bhfiach. Maireann an t-aos sean faoi eagla an bháis. Tá a phobal tugtha le só saolta, mar dhaonnaí ach ar éigean. Tá fíor baol ann nach mbéimid ach inár bhfágálaí ceansa, sásta bheith ach ag obair agus ag tomhailt ar feadh ár saolta. Tá gach móradh caillte agus sinn uilig in ísle bhrí faoi shíorathrú spreagadh saorga agus bolscaireachta.

Léiríonn titim na sibhialtachta agus teacht chun cinn maitríse domhanda neamhréaltacht de chineál éigin. Neamhréaltacht ina bhfuil oidhreacht na smaointe faoi dtaobh de chultúr, aicme, geilleagar, moráltacht, agus eiceolaíocht ró-fhadálach do thuiscint an duine ghnách. Ina hionad, tá aird an phobail dírithe ar aibhéis teilifíse, lá i ndiaidh lae. De bhrí seo, tá muid go léir coimhthithe ónár sochaí. Mothaímid cailleadh comhthráthach inár n-ábaltacht athrú fíor a chur i bhfeidhm sa saol mór.

Is fearr filleadh as lár an áthe ná bá sa tuile. Tá imeacht uainn ó dúlagar shochaíoch agus ailse cultúrtha, maidir le cosaint a thabhairt don aigne. Teastfar tearmann a thógáil chun an spiorad san anam a dhídean. Áit ar féidir athbheochain agus athnuachan a chothú ar an domhan lena eisint agus a forsa beatha. Smaoineamh os-réasnúnach a fhoinse, beocht agus sinn féin go smior a thoradh.

Is dearcadh bídeach neamhfhorbartha é seo, leis an fhírinne a rá, ach ceann a bhfuil muid ag iarraidh á fhorbairt agus á scaipeadh. Tarraingeoimid ó sheanfhoinsí miotasacha agus mistiúla, clasaiceacha agus meitifisiciúla. Beidh réimse leathan ag ár scrúdú, ón bhuantalmhaíocht go cúrsaí ardchultúir, ón éiceolaíocht dhomhain go polasaí airgeadaíochta. Beidh ar an domhan nua déileáil leis an domhan sean; iarrann Mórspiorad na Linne orainn.