Letter to the Editor - Freagra ar Éamonn de Spinsear

A Eagarthóir, 

Ba mhaith liom sliocht áirithe a chur i bhfócas as litir scríofa ag duine a dtugann air féin “Éamonn de Spinsear as Domhnach Broc” (nó a mhacasamhail Anglaithe ar a laghad): 

"Mumbling modern patriots profess deportations, remigration, the protection of éiRe, and the establishment of a mystical Gaelstát, as their ultimate aims. Yet these ideas reflect a thought process which has allowed itself to drift from the realm of actionable might, towards an—at times delusional—imaginative day-dream from which its proponents would rather never wake." 

Agus ensuite

"Nationalists must determine precisely: what is the raison d'être of the Emerald Isle?" 

An bhfuil sé ag fiafraí an bhfuil sprioc nó cúis beatha ag oileán na hÉireann é féin? Cad eile a d’fhéadfadh a bheith ina chúis bheatha don tírdhreach áirithe seo, ach í féin amháin? Má tá sé ag fiafraí céard í cúis bheatha mhuintir na hÉireann, sin í an cheist níos spéisiúla. Cad eile atá ann, ach sinn féin? Le bheith inár mbealach féin.  

Tá muintir na hÉireann faoi réir fórsaí agus smachta ó thar lear nach gceadaíonn dúinn a bheith ann go díreach le bheith, ar ár son féin. Inár gceart féin. Sin í an fhadhb go hiomlán. Conas a bheith, mar a bhíonn an talamh? Ceist mhór í sin. 

Is dóigh liom, má chuireann tú as an áireamh mar ceisteanna neamhábhartha, ceisteanna amhail inimirce, díbirt, cosaint, tithíocht, sláinte, fostaíocht, athaontú na tíre, slándáil, athbheochan na teanga, ealaín, litríocht, teaghlach, saibhreas, oideachas, infreastruchtúr, tionscadal, fuinneamh, agus gach rud eile atá riachtanach do mhuintir na hÉireann le maireachtáil de réir a ngéineas féin, gan chead seachtrach, go deimhin, tá ceart ag an Uasal de Spinsear cur i gcoinne teacht an Ghaelstáit. 

Ní cóir dom bunreacht nua a scríobh anseo. Ach mura bhfuil a fhios aige céard é an Gaelstát, bhuel, is féidir leis na focail ‘Gael’ agus ‘Stát’ a thógáil agus iad a chur le chéile.

Le Meas, 

Filib Ó Sandair 

Loch Garman, 1ú Lúnasa 2025 

Next
Next

The Death of the Gael in National Governance