‘An Lorelei’ le Heinrich Heine
MEON is proud to present an Irish translation of ‘Die Lorelei’, a poem by the famous German Romanticist poet Heinrich Heine.
Translator’s note:Among other things, the motifs of a golden comb and a Spéirbhean enticing the melancholy poet from a hilltop seemed to offer the perfect opportunity to set it in subtle dialogue with the Aisling poetry of Gaelic Ireland. Hopefully the reader shall think the same.
An Lorelei
Níl clú dá laghad agam faoin fáth
Atáim chomh bhrónach sin
Tá seanscéal ann, a scríobhadh tráth
Nach bhfágfaidh mian mo chinn
Tá fuacht san aeir is an spéir ag fáil dorcha
Tá an Rhein chomh suaimhneach ina rithim
Tá barr na sléibhe ag lonrú i ngatha
Na gréine is í ag titim
Thall ansin, áine ‘s feartach
Tá an spéirbhean óg ina luí,
A seodra órga ag glioscarnach
Is ceann ór á chíorradh aici.
Á chíorradh le círín órga
Is ag canadh ar aon uain
Amhrán feartach feilmeanta
Le siamsa draíochta ina duan.
Gabhtar seoltóir gach long óna shaothar
Le cumha fiáin an deiridh
Ní bhreathnaíonn sé riamh ar na faobhar
Tá sé faoi dhraíocht ag ard na spéire.
Measaim go halpann na dtonnta
Seoltóir is curach faoi gceann;
Is an éacht seo uilig déanta
Ag an Lorelei amháin.